Buntáistí Busuu, ach ní don Ghaeilge fós!

Seaghan Mac an tSionnaigh

Níl an Ghaeilge i measc na dteangacha is féidir a fhoghlaim ó Busuu, feidhmchlár foghlamtha teanga, ach is nós leis an dream céanna ómós a thabhairt do Naomh Pádraig i mbiaiste seo an Charghais ar a shon sin.

Bhí tvuít ar an gcóras giolcaireachta i gcaitheamh na seachtaine acu le nasc go dtí an suíomh acu, agus cúpla seanfhocal Angla-Éireannach ar teaspáint acu in ónóir don Naomh Róimh-Bhriotanach úd - maille le roinnt eolas míchruinn ar an bhféile a bhaineann leis, á rá gur sa bhliain 1996 a cuireadh tús le Féile Pádraig!

Is ann d’fhéile nuabhunaithe dar theideal sin gan dabht, ach ceileann foclaíocht na habairte déanaí sin uathu fírinne an scéil.

Ní fíor le rá ach an oiread gur saor in aisce atá an feidhmchlár seo, ach má thugann tú faoin aip uathu a íoslódáil, meabhrófar duit arís agus arís eile gur fiú ballraíocht le Busuu Premium a thógaint, rud a chosnóidh ar a laghad €5 sa mhí ort.

Ní haon fhealsúnacht oideachasúil fónta atá laistiar de na gníomhaíochtaí sa bhfeidhmchlár é féin, gan ann le ceart ach sraith luaschártaí.

Is fíor go mbíonn comhráitisí deasa fada réadúla tríd na haonaid acu, murab ionann agus an “is capall é m’ainmhí” fé mar a déarfadh Duolingo leat.

Ach ní mór an deis a thugann Busuu don fhoghlaimeoir díleá a dhéanamh ar a chuid abairtí réadúla, seachas na habairtí a léamh agus a chlos, agus aistriúchán dílis le feiscint ina dhiaidh sin acu.

Bheifí ag súil, b'fhéidir, le bheith ag líonadh bearnaí, nó le bheith ag cur leis an gcomhrá ar shlí éigin, nó aon diabhal gníomhaíocht in aon chor a d'éileodh rannpháirtíocht éigin ón bhfoghlaimeoir fonnmhar.

Gné de Busuu atá ana-shuimiúil, áfach, ná an spreagadh a thugaid do phobal comhfhoghlaimeoirí ó chúlraí teangeolaíocha éagsúla a bhuaileann le chéile ar líne go deonach i dtreo ceachta beo duine ar dhuine a dhéanamh, nó sleachta scríbhneoireachta a chéile a cheartú.

Ní miste a lua go mbaineann an ghné seo le feidhmhchlár eile darb ainm Babbel chomh maith.

Is féidir, leis, a leithéid de rud agus foghlaimeoir a ‘leanúint’, faoi mar a dhéantar ar na meáin shóisialta, agus ar Duolingo na mórcháile leis.

Tá sé le tabhairt fé ndear chomh maith go mbaintear leas as Lá Fhéile Pádraig chun an Béarla a chur chun cinn, agus sampla de sin ná ócáid Duolingo a reachtáladh i mBaile Mór Mheicsiceo Dé ar an 17 Márta le go dtiocfadh foghlaimeoirí Béarla na cathrach le chéile.

Saghas leithghabháil chultúrtha é sin dar liom féin.


Dála an scéil, éiríonn go hiontach le gné na pobalfhoghlamtha de réir an chórais atá forbartha ag Busuu; cuirim i gcás go gceartófaí píosa scríbhneoireachta a chuirfeá faoi bhráid an phobail laistigh de 10 neomat de ghnáth, agus is minic a gheobhfá tuairim ó thriúr nó ceathrar seachas an cadhan aonair.

Cainteoirí dúchais na sprioctheanga go hiondúil a bhíonn i gceist, agus féadfaidh an foghlaimeoir na ceartúcháin a bheadh i gceist a phlé nó a cháiseamh le húdar na dtuairimí go fuirist.

Ach cén cúiteamh a bhíonn le fáil ag na ceartaitheoirí as a saothar, arsa tusa?

Tuillfidh tú pointí Busuu ach do chuid ceartúchán féin a dhéanamh ar na píosaí scríbhneoireachta a thagann isteach ó dhaoine atá ag foghlaim do theanga dhúchais féin.

Déantar mórán aonad nó píosaíocha díobh a sholáthar saor in aisce don fhoghlaimeoir trí chóras Busuu, ach is féidir aonaid bhreise fhoghlamtha arís a cheannach de dhroim na bpointí Busuu seo.

Is féidir mar sin tairbhe níos fearr a bhaint as an áis gan clárú do Busuu Premium, ach trí mheán a bheith ag cabhrú le foghlaimeoirí eile.

Tá an dream seo le moladh mar sin as comhéadan mar é a chur ar fáil don phiarfhoghlaim.

Bheifeá ag scaidhpeáil chuig do chuid comhfhoghlaimeoirí gan aon moill, agus cá bhfios ach go mbeadh laidhceálacha rialta Instagram leis i gceist tar éis scaithimh.


Tá scéalta grá Busuu leis tar éis a bheith ann, ach fágfad fúibh féin a thuilleadh iniúchaidh a dhéanamh fén ngné sin de thraidisiún Busuu.

Is ea, is é an phiarfhoghlaim an bas ar fad, a deir na saoithe oideolaíochta linn ach go háirithe, ach bíodh an Ghaeilge ar cheann de na teangacha atá ar fáil ag an aip acu amach anseo!

Close
Close