An masc ag titim

Ciarán Ó Pronntaigh

Níor chóir go gcuirfeadh pictiúir den KKK agus Naitsithe ar shráideanna Charlottesville mórán iontais orainn.

Ná freagra leamh an Uachtaráin ach oiread.

Bhí fadhbanna an chiníochais lárnach sa pholaitíocht sna Stáit Aontaithe ó bunaíodh iad, ón sclábhaíocht a thug saibhreas don tír nua, go dtí cinedhíothú na mbundúchasach, siúlóidí ar son chearta daonna na ndaoine gorma agus feachtas Black Lives Matter an lae inniu.

Ó cuireadh tús leis na Stáit Aontaithe bhí leatrom córasach ar an phobal ghorm ach go háirithe, leatrom a mhaireann go dtí an lá inniu.

Is Meiriceánaigh Afracacha agus Easpáinnigh le chéile thart ar thrian den líon daoine iomlán sna Stáit Aontaithe.

De réir an National Association for the Advancement of Colored People tagann 56% de líon na ndaoine sna príosúin sa bhliain 2015 ón dá ghrúpa sin.

I gcuid mhaith stát ní bheidh cead vótála agat má tá taifead coiriúil agat. Beidh fadhb agat morgáiste agus post a fháil. Baineann ceannasaíocht na bhfórsaí póilíneachta agus an chórais dlí le vótaí. Tá ceist na vótála, mar sin, thar a bheith tábhachtach don dul chun cinn sóisialta.

Níl gach duine amuigh ar na sráideanna le cochall bán orthu ná svaistice ar foluain sa ghairdín acu, ar ndóigh.

Ach tá rian den chiníochas le sonrú go soiléir sa chóras pholaitiúil.

Ní leithscéal é seo do na daoine atá ag iarraidh cogadh ciníoch a thosú, ach tá sé doiligh éalú ón smaoineamh go bhfuil an pobal scoilte ina dtreibheanna nó ina gciníocha.

Agus chuala mé Éireannaigh atá lonnaithe thall ar an téad chéanna ó am go chéile, chomh maith.

Bíonn na hargóintí níos caolchúisí na laethanta seo, de ghnáth.

Tá téarma, ‘dog whistle’, a úsáideann tráchtairí le cur síos a dhéanamh ar an dóigh a ndeir polaiteoirí focail áirithe a bhfuil cuma neamhurchóideach orthu ach a thuigfidh a lucht éisteachta mar thagairt bhagrach don phobal eile.

Ina leabhar ‘Dog Whistle Politics: How Coded Racial Appeals Have Reinvented Racism and Wrecked the Middle Class’, déanann Ian Haney Lopez cur síos ar an leas a bhaineann an bhunaíocht agus lucht an rachmais as an phobal gheal lena gcuid polasaithe féin a chur chun cinn.

Ísliú cánach do dhaoine saibhre, ísliú sa chaiteachas ar chúrsaí sóisialta, cúram sláinte san áireamh, agus maolú ar rialacháin a bhaineann le sábháilteacht agus cosaint timpeallachta.

Ach bhí Trump níos béalscaoilte lena chuid focal.

Le linn an fheachtais uachtaránachta, cáineadh é as an bhéim a chuir sé ar théarmaí ciníocha.

Agus é ag caint faoin bhalla a thógfadh sé nó an cosc a chuirfeadh sé ar chúrsaí taistil do Mhoslamaigh, ba shoiléir do na daoine geala, an pobal a ghríosaigh sé, cérbh iad na naimhde.

Ba mheallacach rosc cátha Trump do dhaoine bochta geala ar tugadh neamhaird orthu, dar leo, nó ar tugadh bata agus bóthar dóibh as tionscail a bhí ag cailleadh airgid leis na blianta.

Bhí an locht uilig ar mhionlaigh agus ar eachtrannaigh.

Agus é ina Uachtarán, glacadh leis go mbeadh maolú ar an reitric sin. Cé gur shíl a lucht tacaíochta go mbeadh réabhlóid ann, léirigh na ceapacháin a rinne Trump sa Teach Bán an mhíloighic a bhain leis an dóchas sin. Dhá chineál daoine a bhí i gceist, lucht an rachmais agus ‘náisiúnaithe dúchasacha’.

Maidir le lucht an rachmais, ní fiontraithe a d’oibrigh ón bhonn aníos a roghnaíodh ach catalóg de bhilliúnaithe a tháinig ar a gcuid airgid trí bheith ag obair ar Wall Street nó ceangailte le Corparáidigh Ilnáisiúnta.

An mana atá acu ná níos lú cánach ar dhaoine saibhre agus níos lú rialachán.

Agus bhí praghas le híoc leis na ‘Náisiúnaithe’, daoine a d’ól an cógas ciníoch.

Bhí Steve Bannon i dtús cadhnaíochta ansin go dtí gur chaill sé a phost mar Phríomh-Straitéisí ar na mallaibh.

De ghnáth, is fearr le lucht an rachmais go gcoinnítear an ciníochas faoi cheilt, ach mar a chonaic muid in Charlottesville, síleann an ‘alt-right’ go bhfuil cara acu sa Teach Bán agus tá siad á n-eagrú féin go fíochmhar.

Ar an drochuair, ní thig le Donald Trump iad a cháineadh i gceart (‘tá an locht ar an dá thaobh’), rud a spreagann iad níos mó. Ar bhealach, seo arracht Frankenstein dá chruthú féin.

Ach cruthaíonn seo fadhb don Pháirtí Phoblachtach.

Cinnte, is maith leo na polasaithe eacnamaíocha a mholann Trump, ach tá baol ann go dtitfidh an masc go bhfuil an córas polaitiúil féin bunaithe ar chiníochas is leatrom ar ghnách a choinneáil faoi cheilt.

Seans go n-imeoidh an ghéarchéim ‘alt-right’ seo mar a chonaic muid i mBostún Dé Sathairn nuair a tháinig scaifte ollmhór amach le cur i gcoinne lucht an fhuatha.

Ach go dtí go bhfeiceann an pobal geal go bhfuil siadsan an oiread céanna thíos leis an chóras mar atá, beidh sé doiligh deireadh a chur le feachtas an fhuatha ar fad.

Close
Close