An Ghaeilge: thíos seal, thíos seal?

Ciarán Dunbar

Foilsíodh taighde Déardaoin na seachtaine seo caite a léirigh go bhfuil cumas aos óg na Gaeltachta, atá á dtógáil leis an Ghaeilge, níos fearr sa Bhéarla ná mar atá sa Ghaeilge.

Léiríodh ann go n-éiríonn na daoine óga seo níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge de réir mar a théann siad anonn in aois.

Daltaí idir 7 agus 12 bliain a bhí i gceist sa taighde agus fuarthas amach go raibh “Buntáiste 15%” ag a gcuid Béarla ar a gcuid Gaeilge.

Fuarthas amach go raibh “Gaeilge measctha le Béarla á labhairt” ag na páistí seo.

Cuireadh an milleán ar “uileláithreacht an Bhéarla” as na cúinsí seo agus tháinig sé chun solais go bhfuil cumas na nGaeilgeoirí óga is laige nuair atá siad ag freastal ar scoileanna ar a bhfuil an méid is mó Béarlóirí iontu.

Moladh go bhfuil gá le léitheoireacht Ghaeilge agus gá le gréasáin shóisialta Ghaeilge mar iarrachtaí chun dul i ngleic leis an dúshlán seo.

Dar le duine de na húdair, an Dr. Brian Ó Curnáin, agus é ag caint ar Raidió na Gaeltachta, “tá gá le réabhlóid sa phobal le go mbeidís Gaelach arís.”

Dúirt sé freisin go bhfuil sé riachtanach “cúpla tearmann a bhunú.”

Cad a dúradh mar thoradh air?

Chuir an eagraíocht ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’ fáilte roimh an taighde le ’croí trom” mar go gcreideann siad “go gcaithfear fáiltiú roimhe mar gurb í an fhírinne í.”

“Ní haon dea-scéala atá sa tuarascáil seo do thuismitheoirí ach ní haon mhaith dúinn an cur i gcéill.

“Más aon ábhar dóchais é, tá an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ag gníomhú ar chuile cheann de na moltaí seo ó bunaíodh muid sa mbliain 2011. Más ar bhonn fíortheoranta agus ar scála an-bheag féin é, creideann Tuismitheoirí na Gaeltachta gur dea-scéala é seo.

“Tá scoth na múinteoirí ag obair sa nGaeltacht ach níl aon rogha acu oibriú mar chuid de chóras nach ndéanann aon fhreastal ar an gcainteoir dúchais.

“Ba mhaith le Tuismitheoirí na Gaeltachta buíochas a ghabháil leis na múinteoirí seo, creideann muid go mbeadh an scéal i bhfad Éireann níos measa dá n-uireasa.”

Dar leis an iriseoir Maitiú Ó Coimín agus é ag scríobh ar tuairisc.ie “Seanscéal agus meirg” atá i gceist sa staidéar.

“Tá leigheas ar an scéal seo – ní theastaíonn ach beagán radachais,” dar leis.

Scríobh sé; “Tá an chluas bhodhar tugtha ag an Stát do na moltaí agus chuile uair a dhéantar staidéar ar stádas na Gaeilge sa nGaeltacht, buailtear creill bháis na teanga.

“Sin atá le déanamh ag na clamhsánaithe, ag na saineolaithe teanga a fhógraíonn bás na Gaeilge gach cúpla bliain, agus ag an dream is tábhachtaí ar fad – na múinteoirí, tuismitheoirí agus príomhoidí a bhaineann leis na scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge.”

“Ná glacaidís lena gceannasaíocht ar an nGaeilge sa tír seo: Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart phobal na Gaeilge chun seilbh na Gaeilge agus chun dála na Gaeilge a stiúradh gan srian.”

Ní nach ionadh, bhí an tráchtaire Concubhar Ó Liatháin sásta cic ceart a thabhairt don taighde seo.

“SHOCK! HORROR! Tá páistí idir 7-12 bliain d’aois níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge, fiú nuair is í an Ghaeilge teanga baile na bpaistí céanna. I measc údair an staidéir seo tá Brian Ó Curnáin agus Conchúr Ó Giollagáin, beirt atá tar éis bheith ag fógairt alaraim faoin nGaeilge sa Ghaeltacht le fada an lá.

“An Chomhairle Um Oideachais Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta atá ag urrú an taighde seo agus iad, agus an ceart acu, ag lorg breis acmhainní le haghaidh oideachas Gaeltachta!

“An cheist a spreagann seo uaimse ná raibh sé riamh amhlaidh? Is cuimhin liom mé féin in aois 7-12 bl. agus na daoine a bhí ar chomhaois liom – bhíomar go léir ana-chumasach sa Ghaoluinn agus sa Bhéarla.”

“Dar leis an taighde, tá an Béarla uileláithreach agus ag an am céanna moltar go n-díreofaí ar shealbhú na Gaeilge sara dtosnófaí ag sealbhú an Bhéarla sa Ghaeltacht. Conas a dheinfear seo? An séanfar aon Bhéarla ar pháistí Gaeltachta go dtí go mbeidh an Ghaeilge sealbhaithe i gceart acu, de réir na saineolaithe?”

“An mó uair atá scéal seo ‘Cailleach an Uafáis’ cloiste againn? Agus gach uair is é an teachtaireacht a chloisfimíd go neamh-choinsiasach ná go bhfuil an cath caillte agus nach fiú do thuismitheoir a bheith ag cur allais is saothar air nó uirthi féin ag labhairt i nGaeilge lena bpáistí!”

“Táimse ar son gach céim phraiticiúil ar féidir a chur i bhfeidhm chun tacú le forbairt na teanga sa Ghaeltacht – curaclam ar leith do chainteoirí dúchais – agus acmhainní dá réir, mar shampla. B’fhéidir fiú foras ar leith oideachais le cois.

“Ach is é mo bharúil mar thuismitheoir agus mar dhuine nach aon chabhair dúinn an taighde nua seo, go mbeidh sé á úsáid mar chloch eile le cur ar charn chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a chur faoi chois, seachas a mhalairt.”

Mo thuairim féin

Cloch eile ar charnán an taighde dhuairc maidir leis an teanga ab é seo go cinnte.

Ach tá sé fíor ar ndóigh, ba shoiléir sin do dhuine ar bith atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht.

Taighde acadúil de chaighdeán ard atá ann gan aon amhras ach is eagal liom go spreagann taighde mar seo díomuachas seachas meon troda, uime sin cad is fiú?

Bhí go leor moltaí dearfacha san áireamh sa taighde go cinnte ach ní bhfuair siad mórán de chlúdach sna meáin Bhéarla faraor. Dhírigh siad ar an drochscéal don Ghaeilge – ag cur ina luí ar go leor daoine gur cúis chaillte í an Ghaeilge.

Deis bholscaireachta den scoth é taighde den chineál seo dóibh siúd a bhfuil fuath acu ar an Ghaeilge i gcónaí.

Admhaím áfach go bhfuil mé in amhras faoin phleanáil teanga ar fad – Is dóigh liomsa nach bhfuil de dhíth ach beart ‘A4’ bunaithe ar thaithí is ar chleachtas maith agus an toil chun é a chur i bhfeidhm – féach an t-alt seo a foilsíodh ar An tUltach.

Caithfidh mé a admháil lena chois go bhfuil mé den tuairim go bhfuil an-tionchar ag íonaíochas ar an phleanáil teanga in Éirinn agus nach sláintiúil an tionchar céanna.

Títear domsa gurb í an fhadhb is mó atá ann sa Ghaeltacht faoi láthair, gan trácht ar dhearcadh an rialtais, ná go sílim gurbh fhearr le bunús mhuintir na Gaeltachta bás ciúin na Gaeilge ná raic ollmhór a thógáil, scoilteanna a chothú sa phobal agus titim amach le comharsana.

Sin an toradh a bheadh ar ghníomh radacach maidir leis na scoileanna Gaeltachta a athghaelú – tá sé sin feicthe againn ar an Daingean cheana.

Aontaím go láidir leis an mholadh maidir le tearmainn a chruthú don teanga – léigh faoin ghá le lonnachtaí úra ar NÓS.

Rud a mholaim féin do thuismitheoir ar bith atá ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge mhaith ná go leor dlúthdhioscaí ceoil Ghaelaigh a cheannach is a sheinm, léamh leo as Gaeilge gach lá agus an ‘bosca Béarla’ damanta sin sa choirnéal a mhúchadh.

Caithfidh mé a rá chomh maith nach bhfuil eagla ar bith orm roimh an Bhéarla, beidh sí de dhíth agus ní dóigh liom go ndearna sé dochar ar bith do Ghaeilge m’iníonsa féin.

Eadrainn féin, bhí áthas orm fáil amach go raibh beagán Béarla aici.

Tá todhchaí na Gaeilge i lámha na nGael mar a bhíodh sí i gcónaí – is trua nach féidir le taighde acadúil sin a chruthú, seachas é a bheith ina sheanphort ag sean-iriseoir fánach amháin.

Thuas seal, thíos seal?

Ach an bhfuil rud ar bith ann le bheith dearfach faoi i saol na Gaeilge nó an bhfuil an scéal go dona ar fad? Ar tharla rud ar bith le glúin nó dhó anuas arbh fhéidir suntas dearfach a chur ann?

Chuir mé an cheist sin amach ar na meáin shóisialta thar an deireadh seachtaine – fuair mé amach go sciobtha nach bhfuil pobal na Gaeilge in ísle brí ach a mhalairt, bhí siad lán dóchais is troda.

Seo liosta s’agam féin – fáilte roimh smaointe eile!

An Ghaeltacht

Tá sí fós ann agus beidh ar feadh tamaillín eile ar a laghad.

Páistí

Mar a dúirt an an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, níor rugadh an cainteoir dúchais deireanach go fóill.

Tá páistí á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na cruinne le Gaeilge, más beag an líon sin, tá síol dóchais ann i dtólamh dar liomsa.

Bunú Bhóthar Seoighe / Pobal Feirste (1969)

Seo ceann atá tábhachtach domsa go pearsanta, sílim go raibh an-tionchar ag an phobal seo ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste le dhá ghlúin anuas. Ní fios d’éinne an Gaeltacht bhuan í seo ach tá éacht déanta bealach amháin nó eile. Sampla den scoth i gcónaí.

Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta (1969)

Léiríodh go raibh troid fágtha sa Ghaeltacht agus gur fiú an troid – Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar thoradh air.

Raidió na Gaeltachta (1972)

Ní dóigh liom go n-aithnítear tábhacht an raidió don teanga mar is cóir, glactar leis mar chuid den saol, shílfeá go raibh sé ann i gcónaí ach ní amhlaidh an scéal. Ceann de na rudaí is tábhachtaí dá bhfuil ann don teanga.

Bunú TG4 (1996)

Ní dóigh liom féin go pearsanta go bhfuil TG4 ar dhóigh ar bith chomh tábhachtach le RTÉ RnaG ach tá sé ann agus tá cláracha den chéad scoith a thaispeáint air.

Ná déanaimis dearmad ar an fheachtas iontach a rinneadh leis an stáisiún seo a fháil – chuaigh daoine go príosún fiú.

Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Oifig an Choimisinéara Teanga

Cé go bhfuil an reachtaíocht seo lochtach, tá sé ann – agus tá sé suas dúinn féin anois na cearta atá againn a úsáid mar thoradh air.

An t-idirlíon

Ceart go leor – is féidir dul thar fóir leis an chaint seo faoin ‘virtual Gaeltacht’ ach le Facebook, fóraim, blaganna, Twitter agus srl. tá an Ghaeilge á scríobh is á léamh ar bhealach nach raibh riamh.

Gaelscoileanna

Ní raibh ann ach 16 Gaelscoil i 1972, inniu tá breis is 40,000 daltaí ar 217 scoil ar fud na tíre.

Níl mise ina measc siúd a dhéanann áibhéil ar thábhacht na nGaelscoileanna agus tuigim go maith nach ionann iad agus slánú na Gaeilge ach tá siad ann, tá rath orthu, agus tugann siad deis do na mílte duine Gaeilge a bheith acu – fiú mura n-úsáideann cuid mhór acu sin an Ghaeilge ina dhiaidh sin, tá ábhair Ghaeilgeora ar fáil ach iad a spreagadh.

Athbheochan Ghaelg Mhanainn

Tá rath ar an Ghaelg in Oileán Mhanainn, seo ceann tábhachtach domsa mar taispeánann sé gur féidir an taoide a chasadh le díograis.

Mar a dúirt an Manannach faoi chás na Gaeilge in Éirinn; “ba bhreá liom bhur bhfadhbanna a bheith againn.”

Na Gaeil Óga

Cumann Lúthchleas Gael lán-Ghaeilge – fís Uí Chíosóig fíoraithe ag dream laochra i mBaile Átha Cliath.

Tá an club ag fás i gcónaí le dhá fhoireann fir, foireann na mban, foirne iomána agus grúpaí faoi aois.

Na “mílte” againn

Agus an ceann deireanach ó Thomaí Rua Ó Conghaile a luaigh sé liom ar Twitter.

“Ceann mór ná go bhfuil cinneadh glactha ag na mílte Gaeilge a fhoghlaim & a úsáid mar rogha teanga.”

Close
Close