An Fiosrúchán: Scéal mór eile...

Cathal Mac Coille 

Ionad: Caisleán Stormont

Hi! Ar chuala tú an scéal is deireanaí?

Níor chuala. Céard é?

Dúirt mo dhuine go bhfuair sé ríomhphost le cur faoi bhráid an aire coícís, nó trí seachtainí b'fhéidir, sarar phléigh sé an scéal le duine ar bith san oifig.

Ní thuigim. Cé hé 'mo dhuine'?

An comhairleoir cúnta in oifig an aire ar ndóigh, atá ag tabhairt fianaise le dhá lá anuas. Jeez, shíl mé go mbeadh an méid sin ar eolas agat.

Níl. Leis an fhírinne a rá, gach uair a chloisim tús á chur le tuairisc ar bith faoin bhFiosrúchán sin, cloisim glór beag bídeach i mo chluas a deir “ná héist leis seo in ainm Dé, tá sé chomh casta sin nach féidir ciall a bhaint as”.

Ach tá sé thar a bheith simplí. Féach, tá a fhios agat cé atá i dtrioblóid?

Tá ar ndóigh. Bhuel, fan ort, tá sí i dtrioblóid más fíor na scéalta a chualamar le fada faoi a ndearna sí agus nach ndearna sí. Ach fiú más fíor na scéalta, an bhfuil fianaise ar fáil lena gcruthú? 

Feicfimíd. Éist anois, agus inseoidh mé leagan deas simplí den scéal is deireanaí duit.

OK, ach ná cuir stró ort féin, ar mhaithe liomsa. Beidh an bus anseo igceann cúpla nóiméad.

Níl stró ar bith i gceist. Pé scéal é, tá sé i mbéal gach duine ó tháinig sé chun solais ag an bhFiosrúchan inné.

I mbéal gach duine? Dáiríre? Níor chuala mé oiread agus duine ag caint air.

Ara stop, ní foláir nó go mbíonn tú ag caint le daoine aisteacha. Tabhair dom 30 soicind, agus neosfaidh mé cnámha an scéil mhóir duit.

Maith go leor, coinnigh ort, ach... (Os íseal: tá sé chomh maith agam ligean leis. Tá sé meáite ar a scéal dothuigthe a athinseacht.) 30 soicind, ar a mhéad.

I mbeagán focal, mar sin. Bhí comhairleoir cúnta an aire ag freagairt ceisteanna os comhair an Fhiosrúchain inné nuair a d'admhaigh sé go bhfuair sé ríomhphost faoin meamram nár phléigh sí le duine ar bith riamh coícís ar a laghad sarar dhréachtaigh sé achoimre ar an meamram faoin ríomhphost a thug sé do dhuine éigin eile san oifig – ní cuimhin leis cén duine – agus ar ndóigh tá na himpleachntaí soiléir.

Em, céard iad?

Ní léir duit iad? Tá sé soiléir anois go raibh an meamram nár pléadh leis an aire, más fíor, ag duine éigin in oifig éigin ar feadh coícíse. Agus cuimhnigh, seo é an meamram ina raibh tagairt don ríomhphost ina raibh moltaí faoin cháipéis a scríobhadh chun rabhadh a thabhairt do dhuine éigin gur chóir treoir a dhréachtú chun comhairle a chur ar fáil faoi... 

An bhfuil tú ag éisteacht?

Tá ar ndóigh. Táim fíorbhuíoch díot. Is léir dom tabhacht an scéil mhóir seo anois ar dhóigh nach raibh soiléir in aon chor go dtí gur casadh ar a chéile muid.

An bhfuil tú cinnte? Míneoidh mé duit arís é más...

Ná déan, ná déan, as ucht Dé. An bhfuil a fhios agat? Tá an scéal chomh casta, agus an oiread scéalta inste ag gach finné, go bhfuil sé chomh maith againn fanacht go mbeidh tuairisc an bhreithimh scríofa aige faoi dheireadh. 

Cuimhnigh freisin go raibh deis ag an mbreitheamh nach bhfuil againne éisteacht le gach focal, agus breathnú ar gach finné agus é nó í á rá.

Maith go leor. Ach déarfaidh mé rud amháin eile. Tá líne ana-shuimiúil ann sa ríomhphost sin. Dúirt...

Faraor, seo chugam mo bhus. An bhfaca tú Newcastle aréir?

Chonaic, mo léan. Tá siad ag dul chun donais i gcónaí. Ar chuala tú an scéal dochreidte faoi Joselu?

Inis dom é amárach. Slán!

Slán!

Close
Close