An bhfuil oideachas dátheangach oiriúnach do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu?


Tá níos mó páistí in Éirinn á dtógáil le dhá theanga anois ná mar a bhí le fada an lá.

Dá bharr seo tá ceisteanna ag go leor tuismitheoirí maidir le húsáid an dá theanga sa teach agus feiliúnacht an oideachais dhátheangaigh do pháistí a bhfuil riachtanais urlabhra, teanga agus cumarsáide acu, nó riachtanais speisialta oideachais eile, amhail uathachas, disléicse, diospraicse nó siondróm Down.

Go minic bíonn na tuismitheoirí seo ag fiafraí ar chóir a bpáiste a chur chuig scoil ina ndéantar an teagasc ar fad trí níos mó ná teanga amháin nó ina múintear gach ábhar trí mhionteanga, ar nós na Gaeilge.

An mbeidh tuilleadh deacrachtaí teanga agus litearthachta ag a bpáiste i gcóras oideachais den chineál seo?

Cad iad na córais atá i bhfeidhm le tacú le páistí dátheangacha a bhfuil riachtanais teanga agus riachtanais speisialta oideachais eile acu?

An bhfuil naíonraí, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta oiriúnach do na páistí?

Fuair tuismitheoirí agus muinteoirí deis freagraí na gceisteanna seo a fháil ag oíche eolais a bhí ar siúl i gColaiste na Tríonóide an tseachtain seo caite, í eagraithe i gcomhpháirt le Gaeloideachas agus Líonra na hÉireann um Dhátheangachas agus Ilteangachas sa Luath-Óige.

Roinn baill an phainéil a gcuid comhairle, taighde agus taithí ag plé na saincheisteanna seo agus eile i dtaobh an dátheangachais agus an oideachais dhátheangaigh.

Close
Close