An bhfuil detox digiteach uait?

An bhfuil detox digiteach uait?

Ciara Ní Éanacháin

Bhí tráth ann, agus ní ró-fhada ó shin a bhí sé, nuair a rinne an domhan mór gáire faoin turasóir Seapánach agus a chuid síor-ghrianghrafadóireachta.

(Léiríonn cuardach gasta Google ar “Japanese tourist” an steiréitíopa seo)

Ach tá an ré sin thart. Tá an tsíor-ghrianghrafadóireacht a bhí chomh greannmhar sin dúinn cúpla bliain ó shin anois mar chuid den saol laethúil ar fud an domhain.

Ní athruithe neafaiseacha iad seo, ach samplaí d’iompuithe cultúrtha, a bhfuil tionchar acu ar an mbealach a mhairimid.

Ní i gcoinne gach ceamara agus pictiúir atáim, ach fiosrach agus amhrasach faoin gcaidreamh atá againn lenár gcuid ceamaraí.

B’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort an oiread grianghraif a ghlacann tú gach lá. Seachas grianghraf do Facebook b’fhéidir go seolann tú cúpla Snapchat gasta, grianghraf no dhó ar Whatsapp, Instagram den lón…

Rinne an comhlacht Magisto staidéar ar 66,000 duine a bhfuil guthán cliste acu. Ar an meán ghlac gach úsáideaoir 150 grianghraf in aghaidh na míosa. Sin 5 grianghraf in aghaidh an lae.

Agus dar ndóigh, tagann méadú ar an bhfigiúr sin nuair atá daoine ar laethanta saoire.

Táimse díreach théis filleadh ó mhí a chaitheamh ag taisteal in Vítneam, i measc roinnt turasóirí eile agus a chuid ceamaraí.

Chonaic mé an oiread sin turasóirí “aonaracha” nach raibh ina n-aonar in aon chor ach i ndlúthchaidreamh le GoPro, lámh ar lámh leis an gceamara ar feadh an lae. Cé dó atá siad á dhéanamh?

Sula scríobhfaidh mé a thuilleadh, admhaím go bhfuil Facebook agus Instagram agam féin. Is maith liom piceanna deasa glactha sa solas ceart, angles maithe, nó radharcanna iontacha déanta níos fearr ag an scagaire cuí.

An té atá saor caitheadh sé an chéad chloch!

Cé againn nár ghlach grianghraf, ag smaoineamh cheana féin ar na haischlibeanna a ghabhfadh leis ar Instagram, nó an méid likes a gheobhadh sé ar Facebook? Cé againn nár stop an carr, ar mhaithe leis an seat ceart a fháil?

Ach cé againn nár mhothaigh cineál aisteach faoi na nósanna sin? Dar liom is gá a bheith amhrasach faoin mbéim nua seo ar cheamaraí agus ar ghrianghraif.

Ag tús na saoire in Vítneam ghlac mé an-chuid grianghraf. Bhí mé ar bís faoi gach rud a bhi mórthimpeall orm. An trácht dhochreidte ar na sráideanna, an bia aisteach, na scooters a raibh ceathrar suite orthu…

Bhí mé in ann na grianghraif a sheoladh chuig mo dheartháireacha agus deirfiúracha ar Whatsapp, agus d’fhreagair siad láithreach mé. Bhí sé go hiontach… ach tar éis tamaill mhothaigh mé nach raibh sé. Thuig mé nach mbainfinn sult ceart as an tsaoire dá mbeinn de shíor ag smaoineamh ar é á thaifead.

Ní liom féin atáim. Tá an oiread sin daoine a mhothaíonn diúltach i leith ceamaraí agus guthán cliste, go n-eagraítear anois laethanta saoire nach bhfuil cead gutháin ná ceamaraí a thabhairt leat orthu.

‘Digital Detox’ a thugtar ar na turais, ar a dtéann grúpa daoine thar sáile gan aon teicneolaíocht leo, iad ag iarraidh radharcanna deasa a fheiceáil lena súile féin, seachas trí lionsa an cheamara.

Meas tú an bhféadfá é a dhéanamh nó an mbeifeá in ísle brí ag smaoineamh ar na piceanna deasa nach raibh á bhfáil agat?

Is maith liom an coincheap sin ach is dóigh liom nach gá dul chomh fada leis sin, más féidir leat smacht éigin a choinneál ort féin.

Rinne mé cinneadh d’aon ghnó gan mo cheamara a úsáid an iomarca. Feiceadh dom nach é lion na ngrianghraf a bhí go dona, ach an méid ama a chaithfinn á nglacadh, agus an cuí a chuireann an gníomh isteach ar an saol. Mar sin chuir mé srian ar an am sin.

Bheartaigh mé gan mo ghuthán a thabhairt liom roinnt den am agus mé ag dul amach. Nuair a chonaic mé rudaí iontacha, cé gur rith sé liom i gcónaí grianghraf a ghlacadh, gan ceamara liom bhí mé saor ón ualach.

Le bheith fíreannach, chuaigh na daoine thart timpeall orm i bhfeidhm orm fós. Mhothaigh mé brú éigin uathu. Cén fáth nach raibh ceamara liom? Nach raibh mé ag cailliúint amach?

Smaoinigh mé go mb’fhéidir go mbeadh áiféala orm agus mé ar ais in Éirinn, b’fhéidir nach gcuimhneoinn ar an tsaoire i gceart.

Ach rinne mé mo thaighde, agus dar le roinnt staidéir, ní chabhraíonn grianghraif an méid sin leis an gcuimhne. Ní hamháin sin ach i roinnt cásanna bíonn níos deacra cuimhniú ar shonraí de rudaí ar ghlac tú grianghraif dóibh.

Tá rud amháin soiléir ar aon nós, nuair atá duine ag díriú isteach ar ghrianghraif a ghlacadh, níl sé ag díriú isteach ar an bhfíorshaol mórthimpeall air i gceart.

D’éirigh go maith le mo chinneadh gan an ceamara a bheith liom i gcónaí.

Tar éis tamaill bhí mé in ann an ceamara a bheith liom ach é a fhágáil sa mhála. Tháinig mé ar an gcothromaíocht a bhí uaim, gan a bheith i mo sclábha don cheamara, ach an rogha agam é a thógáint amach dá mba rud go raibh fíorchúis ann.

Agus is annamh a bhí.

Close
Close