Trádálaithe ar an Teorainn

Inné, labhair Eoin Ó Murchú faoi easaontas na bpolaiteoirí agus iad ag iarraidh dul i ngleic le hiarmhairtí na Breatimeachta.

Bhí ionadh ar a lán tráchtairí, agus ar roinnt polaiteóirí freisin b’fhéidir, nuair a theip le vóta amháin ar rún a mhol an SDLP sa Tionól go mba chóir stádas mar réigiún speisialta a iarraidh don Tuaisceart ar an Aontas Eorpach.

Ach ní hiad na polaiteoirí amháin atá imníoch faoin todhchaí ar an oileán seo.

Tá cuid mhór éiginnteachta ag baint le himeacht na Breataine ón AE, go háirithe dóibh siúd le gnó i gceantar na teorann.

Le luach an phuint tite go mór agus daoine ón Phoblacht ag trasnú na teorann le dul a shiopadóireacht, tá lucht gnó sa Phoblacht buartha faoin tréimhse amach romhainn.

Chuaigh Meon Eile go Dún Dealgan agus go Muineachán chun labhairt le trádálaithe ar an teorainn agus a gcuid tuairimí ar an todhchaí dóibh mar gheall ar impleachtaí na Breatimeachta a fháil.

Brexit
Close
Close