Rogha lom na Fraince

Emmanuel Macron agus Marine Le Pen

Eamonn John Maguire

Le dornán blianta anuas bhí cuma ar an scéal go raibh ceannaire Front National na Fraince ag déanamh tréaniarrachta íomhá s'aici féin a shéimhiú chun níos mó vótóirí a mhealladh chuici.

Dhibir sí a hathair, Jean-Marie Le Pen, agus cuireadh deireadh oifigiúil le frith-Sheimíteachas i ráitis an pháirtí seo ón eite dheis radacach.

Chomh maith leis sin, thug sí ardú céime d'fhear óg aerach, Florian Philippot, agus, mar urlabhraí an pháirtí, chuaigh sé i mbun oibre chun tuilleadh vótaí a bhailliú.

Ní raibh eite thraidisiúnta an Front National go hiomlán sásta leis an straitéis seo ach thug siad tacaíocht do Marine Le Pen mar sin féin.

Ach maireann teannas i gcónaí idir ceannaire an pháirtí agus a neacht fhíor-choimeádach, agus an-chráifeach, Marion Maréchal-Le Pen, atá dílis go leor dá seanathair.

Tá sí in éadan an ghinmhillte agus an phósta chomhghnéis.

Níl Marine Le Pen pósta ach cónaíonn sí lena páirtí, Louis Aliot.

Ba léir nuair a labhair Marine Le Pen ar chlár teilifíse an tseachtain seo a chuaigh thart go bhfuil a stráitéis toghchánaíochta níos cóngaraí anois do smaointe eite thraidisiúnta an Front National, fiú má d'fhógair sí go bhfuil sí i gcónaí in éadan phíonóis an bháis.

D'aistrigh sí focal ar fhocal ráiteas amhain de chuid Donald Trump agus í ag labhairt amach in aghaidh na hinimirce.

Bréag, ar ndóigh, a bhí ann nuair a dúirt sí (agus Trump) gur chuir Iar-Uachtarán SAM, Barack Obama, cosc ar inimircigh ón Iaráic sa bhliain 2011.

I measc na mbréag eile a d'inis sí le linn an chláir, thug sí a mionn nach dtugann an Ghearmáin cead do dhaoine nár rugadh sa tír sin dhá náisiúntacht a bheith acu (seachas muintir na hEorpa agus na Rúise), rud nach bhfuil fíor ar chor ar bith.

Gheall Le Pen nach mbeadh cead ag daoine dha phás éagsúla a bheith acu.

Bhagair sí go mbeadh ar Ghiúdaigh na Fraince roghnú idir saorántacht Iosrael agus saorántacht na Fraince.

Chomh maith leis an inimirce, tá Marine Le Pen in aghaigh an Aontais Eorpaigh, an Euro, Ioslaim, agus an chórais trádála idirnáisiúnta.

Ní amháin go n-aontaíonn sí le polasaithe agus le dearcadh Donald Trump, tá ard-mheas aici ar Vladimir Putin.

Deirtear gur ghlac Le Pen le hiasachtaí arbh fhiú 40 miliún Euro ó bhanc sa Rúis chun an Front National a choinneáil ag feidhmiú.

Tá an-imní ar sheirbhísí rúnda na Fraince go bhfuil an Chreimil ag láinseáil cibear ionsaithe ar na meáin agus ar oifigí áirithe an Stáit le dearbhú go mbeidh an bua ag Le Pen sa dara babhta den toghchán ag tús mhí na Bealtaine.

Bheadh lúchair ar Trump agus ar Putin dá mbéadh an lá ag Le Pen.

Bhí siad lán-sásta le Brexit agus níl ceachtar acu ag iarraidh go mbeadh an Eoraip láidir agus aontaithe.

Agus an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht, ní beidh fágtha san Aontas Eorpach ach aon tír amháin a bhfuil cosaint núicléach aici, agus sin í an Fhrainc.

Dár ndóigh, má éirionn le Le Pen Pálás Élysée a bhaint amach, tá gach seans ann go mbeidh deireadh leis an Aontas Eorpach agus beidh sé ar a dtoil ag Trump, Putin (agus b'fhéidir Theresa May) a rogha ruda a dhéanamh.

An bhfuil seans aici?

De réir na bpobalbhreitheanna, tá sí ar bharr an liosta le tuairim is 30%.

Níor éirigh leis an Front National céatadán níos fearr a bhaint amach i dtoghchán ar bith riamh roimhe, cé gur éirigh le Jean-Marie Le Pen dul ar aghaigh go dtí an dara babhta in éadan Jacques Chirac sa bhliain 2002.

Agus sin ráite, ní thig le duine ar bith a bheith cinnte faoi thoradh an toghcháin i mbliana.

Tá tionchar Trump agus Brexit ann, agus ionsaithe ón Chreimil fosta.

Tá easaontas agus scannail i measc na bpáirtithe eile.

Agus, de réir dealraimh, tá comharthaí ann nach bhfuil an t-aos óg réidh le dul amach a vótáil ar chor ar bith.

Rud suntasach mar go bhfuil níos mó tacaíochta ag Le Pen i measc na seandaoine.

Cé go bhfuil ábhar scannail ag Le Pen í féin - dhiúltaigh sí €300,000 a aisíoc leis Aontas Eorpach - is beag an seans go gcuirfidh sé sin isteach ar a lucht tacaíochta atá i gcoinne na hEorpa sa chéad dul síos.

Cé go bhfuil na Rúisigh ag iarraidh na hiarrathóirí eile a lagú, an t-iarrthóir lárnach Emmanuel Macron ina measc - dúirt an suíomh Rúiseach Sputnik agus an tseirbhís nuachta RT go bhfuil Macron aerach agus saol dúbáilte a chaitheamh aige agus é pósta le bean - tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh seisean agus Le Pen sa dara babhta.

Beidh an Eoraip agus an domhan mór ar tinneall ag fanacht leis an toradh agus toghcháin níos moille sa bhliain sa Ghearmáin agus san Ísiltír, agus b'fhéidir san Iodáil chomh maith.

Ciníochas nó daonlathas ar domhan? Sin an rogha atá le déanamh ag pobal na Fraince.

Close
Close