Oscailt Oifigiúil Ghael-Ionad Mhic Goill

Oscailt Oifigiúil Ghael-Ionad Mhic Goill

Osclaíodh doirse Ghael-Ionad Mhic Goill ar Bhóthar na Carraige Báine in Iarthar Bhéal Feirste go hoifigiúil den chéad uair an tseachtain seo i ndiaidh ceithre bliana d’obair dhíograiseach agus neart pleanála.

Tháinig an maoiniú caipitil de £400,000 do Glór na Móna ó chomhmhaoinitheoirí, Ciste Infheistíochta na Gaeilge, Comhairle na Cathrach Bhéal Feirste agus an Roinn an Phobail.

Tá clú agus cáil go háitiúil ar Glór na Móna mar eagraíocht don aos óg agus lucht na nGael.

Tá an t-ionad nua mar thoradh ar obair a cuireadh isteach thar dhá bhliain déag anuas agus anois beidh sé ann do na glúnta amach romhainn.

Bhí Meon Eile i lár an aonaigh ag an ócáid cheiliúrtha.

Foirgneamh Úr Glór na Móna_MeonEileWeb from Meon Eile on Vimeo.

Close
Close