Idir Dahl agus Danny: An Scríobhaí agus an Scéal a Spreag ar ais i dtreo na Léitheoireachta mé

Léirmheas Leabhair: Danny Seaimpín an Domhain (2016)

Roald Dahl a chum agus a cheap. Muiris Ó Raghallaigh a d’aistrigh go Gaeilge.

Paidí Ó Tiarnaigh

Ar dtús, caithfidh mé rud éigin a admháil.

An paca marfach atá do mo chrá le tamall fada.

Níor léigh mé leabhar ó bhí 2006 ann.

Bhuel, níl sé sin iomlán fíor, ach is mar sin a mhothaíonn sé domsa

Níor léigh mé leabhar iomlán taobh amuigh den chomhthéacs fhoirmiúil oideachais le breis agus deich mbliana. Chun sin a rá ar bhealach eile, níor chríochnaigh mé leabhar nach raibh ar shiollabas éigin ó bhí mé i mo dhéagóir.

Ná smaoinígí anois go bhfuil fuath agam ar leabhair nó ar an léitheoireacht féin; nó is é a mhalairt ar fad atá fíor. Ach mar dhuine a chaith beagnach ocht mbliana san Ollscoil agus cuid mhór de na blianta deireanacha siúd i gclúid leabharlainne i mbun tráchtais, nó i gcartlann éigin i mbun taighde, gabhfaidh sibh mo leithscéal gur chaill mé an splanc a bhí agam i m’óige don léitheoireacht mar chaitheamh aimsire.

I bhfírinne, chruthaigh agus chothaigh mé stiogma pearsanta éigin don chineál léitheoireachta sin.

Shíl mé, dá mbeinn le leabhar a thógáil ar bhonn suilt, gurbh fhearrde dom an t-am léitheoireachta sin a chaitheamh ar ábhar a chuirfeadh le mo shaothar acadúil; gur am amú a bheadh sa léitheoireacht mura raibh sí bainteach ar bhealach leis an taighde.

B’iontach liom mar sin, nuair a chonaic mé go raibh leabhar de chuid Roald Dahl le haistriú ag Muiris Ó Raghallaigh agus le foilsiú trí Ghaeilge ag Leabhar Breac (@BreacEolas).

B’iontach liom arís eile nuair a chuir mé tweet chucu roinnt seachtainí ó shin anois gur dhearbhaigh gur seo an chéad leabhar i sraith leabhair de chuid Dahl a bheas aistrithe agus curtha i gcló.

“Tá go deimhin, a Phaddy”, a d’fhreagair siad mé agus mé dá gceistiú maidir le todhchaí na sraithe, “Is é Danny an chéad leabhar. Beidh Cailleacha agus Charlie againn an bhliain seo chugainn”.

Ar bhealach, is saoithiúil an dóigh a dtiteann rudaí amach. Ní fada anois ó d’imigh an t-aisteoir iomráiteach Gene Wilder ar shlí na fírinne; fear a d’fhág oidhreacht shaibhir ina dhiaidh i bhfoirm scanann. Ar bhás an aisteora, déarfainn gur amharc cuid mhór dúinn ar Willy Wonka athuair, scanann a rinneadh cothrom le 45 bliain ó shin anois (tá fhios agam.. anois cé a mhothaíonn lorg na sean-aoise….?)

Is ar an dóigh seo a músclaíodh mo shuim féin i saothar Dahl athuair. Tharlaigh sé fosta go raibh muid ag tarraingt ar 100ú Breithlá an údair féin, 13 Meán Fómhair 1916-2016.

Bhí dreamanna áirithe ag ullmhú i dtreo sin, agus tháinig mé ar go leor pacáistí eolais agus acmhainní do mhúinteoirí leis an lá a cheiliúradh, agus saothar an scríobhaí a chomóradh, rud a dheimhnigh ról lárnach an údair sa seomra ranga fosta (féach mar shampla: http://www.seomraranga.com/2016/08/roald-dahl-day-resources/).

Bhí dúil mhór agam i scéalaíochta agus i samhlaíocht Dahl ó bhí mé i mo ghasúr óg. Is maith is cuimhin liom Danny a léamh i Rang 6 i mBunscoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá, agus ar an chuid speisialta sin sa leabhar nuair a thiteann na piasúin ó na crainn mar bheadh deora móra fearthainne ann ar fhuinneog an tí um Fhómhar: “Plab!… Plab!… Plab Plab Plab!.”

Ach cad faoin scéal iontach seo i nGaeilge?

Dár liom go n-éiríonn le Ó Raghallaigh scéal Dahl a chomóradh ar achan bhealach. Aistriúchán beacht ach cruthaitheach atá anseo a ligeann do chumas Gaeilge an údair nasc iontach láidir a chruthú le fórsaí mistiúla focail Dahl.

Cinnte, ba bhreá liom leagan Ultach a fheiceáil den aistriúchán iontach seo, ach ní dóigh liom go gcuireann an claonadh canúna mórán de bhac ar léitheoirí ó choirnéil éagsúla na tíre. Ní chailltear bun-teachtaireacht an scéil, nó fuinneamh Dahl, san aistriú teanga ná baol air.

Sin ráite, is deacair liom sprioc-aois an léitheora a mheas don leagan Gaeilge. Glactar leis go maith gur oiriúnach an insint Bhéarla do pháistí óga idir Rang 4/5 ar aghaidh.

Is ceist teanga í an ceann seo creidim, a bhraitheann ar fad ar chur chuige Dahl, údar a shúgraigh le focail, a chum agus a cheap, agus a d’úsáid cuid de na haidiachtaí agus téarmaí is dathúla draíochta sa domhan s’aige féin, ar nós Uí Chadhain sa Ghaeilge.

Tá lorg ciotach ar roinnt de na focail chéanna seo sa leagan Gaeilge, agus uaireanta mhothaigh mé go mbeadh deacrachtaí (beaga) ag páistí níos óige ná Rang 7 le cuid den teanga, go háirithe le tuismitheoirí nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Níl ansin, áfach, ach dúshlán beag léitheoireachta a bheadh go maith insáraithe ag léitheoirí óga agus aosta.

San iomlán tugtar léargas iontach Gaeilge ar an chaidreamh speisialta sin, idir athair agus mac, a rachaidh i bhfeidhm ar léitheoirí ó thús go deireadh.

Nochtar an maith ón olc, agus feictear ar leibhéal fíor-dhaonna breithiúnas mic ar athair, a threisíonn buanna Dahl mar scríbhneoir, na téamaí agus na caidrimh is tráthúla a léiriú trí shúile dhuine eile, Danny, sa scéal seo. Mar aon le léaráidí inaitheanta Quentin Blake, a thugann scáth foirfe leanúnachais dúinn idir an saothar bunaidh agus an t-aistriúchán, faightear sa leabhar seo léamh iontach ar scéal a thógann do chroí gach uair a thógann tú é.

Is cinnte, mar Ghaeil, go bhfuil tobar mór litríochta dár gcuid féin againn, d’óg agus aosta, agus nach mór dúinn an t-aitheantas cuí a thabhairt don oidhreacht dhúchasach sin.

Ach bímis féin ag ceiliúradh litríocht an domhain mhóir, ar an dóigh a mbítear ag ceiliúradh eagráin ilteangacha An tOileanach nó Rotha Mór an tSaoil ar fud na cruinne. Is gradam measa agus onóir é nuair a aistrítear leabhar go teanga eile, agus tá Leabhar Breach agus Ó Raghallaigh i ndiaidh doras go domhan Dahl a oscailt do shaol na Gaeilge. Molaim go deo an éacht speisialta seo.

Tá mé cinnte de go n-aimseoidh an saothar breá seo a áit féin i gcoirnéil léitheoireachta na nGaelscoileanna agus na gClub Leabhar timpeall na tíre. Tá mé cinnte de fosta go mbeidh an leabhar seo ar go leor liostaí Nollag agus tá sceitimíní orm do na Gaeil óga sin a bhlaisfidh focail spleodracha splancúla Dahl don chéaduair gan mhoill.

Go gcuire na Gaeil fáilte mhór chroíúil roimh dhraíocht agus shamhlaíocht Dahl chun tí agus go mbaine glúin úr dhaoine óga sult agus spraoi as ceann de mhór-údair na cruinne, ach an uair seo, trí mheán na Gaeilge.

Anois, moltaí maithe leabhar agaibh dom agus mé ag fanacht go foighneach ar chuairt Shéarlaí ar an mhonarcha úd?

Close
Close