Gradaim Leabhar na Bliana imithe chuig na cathracha

Is chuig Béal Feiste agus Baile Átha Claith a chuaigh Gradaim Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta agus do Dhaoine Óga.

Con Ó Ruairc a thóg leis Gradam Uí Shúilleabháin (Daoine Fásta) lena shaothar ‘Dúlra Oileáin Árann’ (Cois Life) agus ba é an comhlacht foilsitheoireachta as Béal Feirste, An tSnáthaid Mhór, a thóg Gradam Réics Carló (Daoine Óga) do ‘Ó Chrann go Crann’ le Caitríona Haistings agus Andrew Whitson.

D’éagraigh Bord na Ceathrún Gaeltachta bus tacaíochta le pobal Feirste a thabhairt a fhad leis an searmanas bronnta agus chuaigh Meon Eile ar camchuairt go Baile Átha Cliath leo.

Mar chuid den ócáid reáchtáladh díospóireacht faoi thodhchaí an leabhair chlóite agus rinne scoláirí ó Choláiste Feirste na príomhcharachtair ó na deich leabhair a ainmníodh ar ghearrliostaí na bliana seo, rinne siad iad a léiriú ar ardán.

Seo an t-aistear, an díospóireacht, píosa dramaíochta agus an bronnadh féin.

Gradam Leabhair na bliana
Close
Close