Ceird na píobaireachta ag dul ó ghlúin go glúin

Ceird na píobaireachta ag dul ó ghlúin go glúin

Is píobaire aitheanta é Tiarnán Ó Duinnchinn, é ag freastal ar fhéilte agus tionóil phíobaireachta ar fud na cruinne.

D’eagraigh An Droichead oíche cheoil agus chuideachta leis féin agus Laoise Kelly le déanaí.

I mbliana, roghnaíodh Tiarnán mar bhuaiteoir Bhonn Óir Uí Riada do phíobadóirí ar chlár Pheadair Uí Riada, “Cuireadh Chun Ceoil”.

Tá ceithre chraobh na hÉireann, céad áit, ar na píobaí bainte amach aige cheana féin, mar aon le dhá Chraobh na hÉireann san Oireachtas: Corn Leo Rowsome agus Corn Bhreandáin Bhreathnaigh.

Is í an bharúil atá ag Tiarnán ná go bhfuil dualgas ar dhaoine an cheird a roinnt leis an gcéad ghlúin eile, agus bíonn sé ag teagaisc agus ag tabhairt ceardlainne ar bhonn rialta.

Tá Clár Imeachtaí úr eisithe ag An Droichead do na míonna amach romhainn, le feiceáil ar an nasc thíos.

Labhair Meon Eile leis an bpíobadóir clúiteach faoi cheird na píobaireachta agus an nasc atá aige féin leis…

Ceird na píobaireachta ag dul ó ghlúin go glúin / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close