Calaois agus caimiléireacht déanta ar Conlon

Lá i ndiaidh chailliúint chonspóideach Michael Conlon, tá bóthar abhaile tugtha ag Cumann Idirnáisiúnta na Dornálaíochta Amaitéaraí do roinnt de na moltóirí ó na Cluichí Olimpeacha i Rio na Brasaíle.

‘Cheats, they’re f***ing cheats." Ba bheag tráchtáire, tacadóir dornálaíochta nó duine lasmuigh den Rúis (seachas dornán moltóirí) a d’easaontaigh le caint Michael Conlon, é ag rá go ndearnadh feall millteanch air ina throid i gcoinne Vladimir Nikitin na Rúise an tseachtain seo.

Ní hé fear Bhéal Feirste an t-aon dornálaí ar bronnadh toradh amhrasach orthu ag na Cluichí go dtí seo. Ardaíodh ceisteanna fosta faoi chailliúint Katie Taylor agus Vassiliy Levit ón Chasacstáin.

Labhair muid le tacadóirí de chuid Michael Conlon anseo i mBéal Feirste faoina léamh ar an dóigh ar caitheamh leis i Rio…

Barúil ón Bhosca
Close
Close