An Pop Up Gaeltacht - Ag spreagadh úsáid na Gaeilge san Ardchathair agus níos faide i gcéin

Bhí teacht le chéile speisialta ag Gaeil Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus an chéad oíche den imeacht nua míosúil, An Pop Up Gaeltacht, ar siúl i dteach tábhairne Bar Rua i gcroílár na cathrach.

Bhí an áit lán go doras agus na céadta tagtha le chéile le haghaidh oíche spraoi agus chraice.

Ba iad Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha a chuir tús leis an choincheap ón chéad lá riamh.

Dúirt Peadar linn gur shíl siad go raibh go leor “frith-Ghaeilge le léamh agus le cluistin sna meáin chumarsáide le gairid, táthar a rá nach bhfuil an Ghaeilge beo láidir mar theanga chumarsáide sa lá atá inniu ann”.

Is í an aidhm atá leis an ‘Pop Up Gaeltacht’ mar sin ná muintir na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a chruinniú le chéile i dteach tábhairne uair amháin sa mhí “le go mbeidh an teanga le clos agus go mbeadh deis ag daoine teacht le chéile i gcuideachta daoine eile a bhfuil an teanga acu,” a deir Peadar.

Agus ón méid a bhí i láthair ar an oíche agus an méid Gaeilge a bhí le cluinstin ann, is soiléir go bhfuil an Ghaeilge breá láidir san Ardchathair.

Labhair muid le Peadar Ó Caomhánaigh, duine de bhunaitheoirí Pop Up Gaeltacht, agus roinnt den scaifte a bhí i láthair faoin oíche Ghaelach úr seo agus faoin sult ar bhain siad as…

An Pop Up Gaeltacht - Ag spreagadh úsáid na Gaeilge san Ardchathair agus níos faide i gcéin

Níl an Pop Up Gaeltacht ach ina thús agus ní i bhfad eile go mbeidh sé ina imeacht idirnáisiúnta!

Thug rath an chéad Pop Up Gaeltacht spreagadh do Ghaeil Nua-Eabharc macasamhail d’ócáid a thosnú iad féin.

Beidh Pop Up Gaeltacht Nua-Eabhrac ar siúl an 6 Nollaig ag 7in i Murphy’s Pub 2nd Av / 52nd.

Agus beidh Pop Up Gaeltacht Bhaile Átha Cliath ar siúl arís an 29 Nollaig i dTeach Tábhairne ‘The Grand Social’.

Tuilleadh eolas ANSEO

Close
Close