An bhfuil machnamh tábhachtach sa saol?

Deirtear go bhfuil an machnamh agus an rinnfheitheamh mar dhlúthchuid d’fhorbairt phearsanta an duine agus go bhfeabhsaítear saol an té a chleachtaíonn a leithéid dá bharr.

Agus ré úr na teicneolaíochta buailte linn le teacht na nguthán soghluaiste, ríomhairí agus an idirlín, níl amhras ar bith ann go bhfuil níos lú ama againn dúinn féin de thairbhe na bhforbairtí teicneolaíochta seo.

Má tá muid de shíor ag déanamh cumarsáide le daoine eile agus faoi dhriopás inár saolta, an bhfuil baol ann go gcaillfidh muid teagmháil lenár bpearsaí féin?

An dtugann tusa am agus spás intinne duit féin? An síleann tú go bhfuil rinnfheitheamh agus machnamh tábhachtach san aimsir seo?

Chuaigh foireann Meon Eile amach le tuairimí an phobail a fhiosrú.

Bosca - An bhfuil machnamh tábhachtach sa saol?
Close
Close